Moondance: the Van Morrison Project

Moondance: the Van Morrison Project
Event on 2013-10-11 20:00:00

Tickets €20/16

 

MOONDANCE: THE VAN MORRISON PROJECT

From the pulsing rhythm and blues of ‘Gloria’ to the sweet, breezy folk rock of ‘Tupelo Honey’ to the ecstatic gospel of ‘Full Force Gale’, Van Morrison’s music is marked by its emotional drive. Over five decades, he has created a musical vision as much steeped in the poetry of John Donne, Yeats, Rimbaud and Kerouac as it is in blues, jazz and soul. At the heart of it all is a unique Blakean sense of wonder.

Moondance features exquisite Irish language versions of Morrison’s songs, translated by poets Cathal Póirtéir and Gabriel Rosenstock. They will be performed by Liam Ó Maonlaí, David Blake, and Hilary Bow, with support from the Brad Pitt Light Orchestra. Margaret Lonergan has created stunning screen projections of the lyrics. 

RÉ-DHAMHSA: TIONSCADAL VAN MORRISON

Aithnítear ceol Van Morrison ar an gcomáint mhothúchánach atá laistiar de, rithim agus gormacha, abair, san amhrán preabach Gloria, an rac tíre binn aerach laistiar de Tupelo Honey agus an ceol gaspal eacstaiseach in Full Force Gale. Is fada an lá ó chéadchruthaigh Van fís cheolmhar dúinn a bhí chomh mór ar maos i bhfilíocht Donne, Yeats, Rimbaud agus Kerouac is a bhí sna gormacha, sa snagcheol agus san anamcheol. Mar bhonn leis an bhfís sin aige tá an 'gheit' sin, an t-iontas a spreag Blake is Ginsberg. Is é atá sa tionscadal seo Moondance ná leaganacha gleoite Gaeilge d'amhráin Van Morrison ó Chathal Póirtéir agus Gabriel Rosenstock, beirt de sheanfhondúirí IMRAM.

Is iad na hoirfidigh a chuirfidh inár láthair iad ná Liam Ó Maonlaí, David Blake agus Hilary Bow le tacaíocht ón mBrad Pitt Light Orchestra. Tá íomhánna éachtacha cruthaithe ag Margaret Lonergan chun na liricí a theilgean ar scáileán dúinn. Arna léiriú ag IMRAM, Féile Litríochta na Gaeilge. Iomair an bád nó fág ar fad í!

Produced by IMRAM Irish Language Literature Festival.

at Pavilion Theatre
Marine Road
Dún Laoghaire, Ireland

Leave a Reply