7 Replies to “Seo Linn Perform Fairytale Of New York (As Gaeilge)”

  1. Seo daoibh na liricí: B’í Oíche Nollaig í ‘S mé i gcart na n-óltach Deir seanfhear ‘n aice liom, ‘Sí mo Nollaig dheireadh í ‘Sin chas sé amhrán An “rare old mountain dew” Chrom mé mo cheann go ciúin ‘s chuimhin mé fútsa Mé ádhúil leis an gceann Ghrú (ghnóthaigh) dhom ocht déag go haon Airím istigh mo chroí Gur linnee an bhliain seo romhainn So, Nollaig Shona dhuit, Is tú mo chléibhín Feicim ár lá ag tíocht Go mbeidh gach rud togha dhúinn Tá na cairr ar nós tí (tithe) ‘S na habhainn lán le hór Ach tá goimh ghéar sa ngaoth Ní haon áit í gan glór Nuair a thóg tú mo lámh Ar ár gcéad Nollaig riamh Gheall tú dhom Broadway ‘S gach a raibh insan tír. ‘S is bhí tú dathúil ‘sé bhí gleoite Banríon a chaill reoite Ní raibh críoch leis an scléip Bhí an chraic ‘s spraoi thar barr Sinatra ag luascadh is mo chroí sé ag musailt Muid ag pógadh ‘s ag damhsa Gan imní faoin saol is an cór ón NYPD Iad a’ casadh Galway Bay ‘S na gcloig ag seinnt amach Ar bhreith mac Dé Is tú an bum Is tú an punk A shean sclíteach ar junk Sínte i gcrap ansin thall mar bheadh cailleach sa gclúid A shlíbhín, a chonúis ‘Chacsmuitín an donais Nollaig Shona mo thóin, Nár feicead ‘ríst ceann is an cór ón NYPD Iad a’ casadh Galway Bay ‘S na cloig ag seinnt amach Ar bhreith Mac Dé Bhí saol breá romhamsa Bhuel, sin deir gach duine Sciob tú mo bhroinglóid uaim An chéad uair chas me ort Tá siad liom i gcónaí, a bheaib I dtaisce i mo chroí Na fág me ‘nois a mhnaoi ‘S tú bun is barr mo shaoilse is an cór ón NYPD Iad a’ casadh Galway Bay ‘S na cloig ag seinnt amach Ar bhreith Mac Dé

  2. Ar fheabhas ar fad. Tógadh Stiofán Ó Fearaíl anseo in Hollywood i gcontae Chill Mhantáin. Mar sin, is féidir a rá go fírinneach faoi gur réalt Hollywood é an fear óg seo a bhfuil cáil air cheana mar réalt na Gaeilge. Glór binn aige chomh maith agus gan fiacla gránna Shane MacGowan le cur isteach orainn agus é ag canadh Fairytale of New York. 

Leave a Reply